Scoil: Ráithín (B.) (uimhir rolla 9304)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ua Cróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (B.)
- XML Leathanach 410
- XML “Slí na Naomh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a shrois sé an Guagán thug sé fé ndeara gur dhearmaíd sé a spéaclaí agus a leabhair ar Dhrom a’ Bhráca. Thug sé an n sgéal do’n duine a bhí ar a chúl agus thug seisean an sgéal do’n duine a bhí ar a chúl agus chuaidh an sgéal ó dhuine go duine mar sin gur shrois sé an fear deiridh. Bhí an oiread san díobh ann, ná raibh an fear deiridh tar-éis Tobar na Naomh d’fágaint go fóill agus do rug sé leis na leabhair agus na spéaclaí ann fós ar chloich.N.B.
A deir seanduine Fíngín Ó Donnchadha, Gort Lice nach ceart an t-ainm sin “Slighe na Naomh” in aon chor, gur airigh sé a athair a rádh gurbh é an t-ainm ceart ar an dtobar ná – “Sileadh na Naomh.” Go raibh Naomh Fionnbarra ag léigheamh Aifrinn ar Dhrom-a-Bhráca agus gur theip air uisge d’fagháil in ghair dó. Níor dhein sé ach Fíoghair na Croise a dheanamh ar an gcloich le’n a bhacall agus do phléasg fíor-uisge amach as an gcloich agus nár stad sé riamh de’n síleadh ó shoin anuas, agus gur tháinig sruthán eile isteach ann leis an aimsir.Ainm an duine a bhfuaras an sgéul uaidh:- Domhnall Ua Loingsigh
A Sheoladh – Cluain Caoin, Gleann Fleisge, Cill-Áirne
A aois – 72 bl.
Slighe-bheatha – Feirmeóireacht.- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Chaoin, Co. Chiarraí