Scoil: Drumgossatt (B.) (uimhir rolla 14071)
- Suíomh:
- Droim Guasachta, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: T. Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drumgossatt (B.)
- XML Leathanach 217
- XML (gan teideal)
- XML “Cath Mhachaire Cluana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá abha ag gluaiseacht tríd Mhacaire Chluaine...”
(ar lean ón leathanach roimhe)deireadh leis an tsaoghal seo.- Trench an t-ainm a bhí ar an tighearna talmhan a bhíodh ag bailiú na cíosa fadó. Is beag meas a bhíodh aige ar na daoine. Duine ar bith nach ndíolfidhe an cíos ar an phoinnte cuirfidhe amach é. "Cíos nó seilbh" a deireadh sé. Aon lá amháin thárla go raibh ar Trench bille do chur suas mar gheall ar cíos a bhí le díol. Tháinic sé amach go Machaire Chluaine agus a lucht leananna leis bhí faoi an bille do chur suas ar an teampall i dtreó is go mbéadh faill ag gach éinne é d'fheiceáil. Faoi'n am seo bhí na daoine cráidhte cordha aigemar gheall ar na cíosanna úd - cuid acu go beó bocht agus iad ag déanamh a seacht ndíthill chun ruinne a mbéal do bhaint amach. Nuair a tháinic Trench go dtí an teampall an lá seo bhí sgaifte maith daoine ann roimhe - na daoine is mó a rabh fuath acu dó agus thosuigh an troid. Bhí carn mór cloch san roilig agus chaith na fir iad seo go dtí nach rabh ceann ar bith acu fágtha. Chuidigh mná agus buachaillí óga na h-áite leis na fearaibh. Ar dtús bhí an námhaid ag rith annseo is(leanann ar an chéad leathanach eile)