Scoil: Drumgossatt (B.) (uimhir rolla 14071)

Suíomh:
Droim Guasachta, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
T. Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0929, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0929, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drumgossatt (B.)
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Cathal Buí”
  4. XML “Glaoch an Choiligh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an t-é a bhearfadh lóistín dó. Tráthnóna amháin tháinic Cathal go teach an tsagairt agus é i roicht mná. D'iarr sé loistín oidhche ar an sagart. Dubahirt an sagart nach raibh aon tseomra le tabhairt dó ach go dtabharfadh sé cúinne dó san chistin dá mba mhaith leis é. Bhí Cathal buidheach dó agus luigh sé síos san chistin ar feadh na h-oidhche. Maidin lá ar na bharach chuaidh an sagart isteach sa chistin féacaint cá raibh Cathal. (An bhean shaoil sé) bhí sé imighthe agus bhí an nóta seo ar an tábla agus an rud seo sgríobhtha air:
    D'fhág tú seacht mallacht a sagairt a chroidhe ar an t-é a bheirfeadh ceathramha do Chathal Buidhe.
    Is thuit na seacht mallacht i dslighe.
    Chuartaigh an sagart thart agus thug sé faoi ndéar go rabh seacht rudaí in easnamh - a chapall - a mhadadh - a fuip - a bata droighin - a cóta mór - a chat agus an cailín aimsire. Tá sean-fhocal san áit seo i dtaobh Chathail - "Má tá mé buidhe fhéiin níl mé comh buidhe le Cathal."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.