School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 236
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus gan oiriúnach chun iad do chur cuirtear aol ar na sgiollanaibh dá gcoimead go maith.
Nuair a bhíonn fear ag cur na bprátaí bionn mailín saidhte aige mór dtímcheall a mhuinéil agus bíonn na sgiolláin istig innti.
Cuireann sé poll 'san iomaire leis an rámhainn agus annsan sáidhteann sé sgiollain 'sa pholl leis an ram agus dúnann sé an poll leis an rámhain.
Ceannuighean na ramhainní sa siopa.
Saidgteann na mná agus na daoine óga na prátaí le bata.
Ar dtúis leathann siad na sgiollain ar na h-iomairibh geall le troigh ón a chéile.
Annsan cuireann siad poll in-aice an sciollán san iomaire leis an mbata agus saidheann siad an sgiollán isteach ann agus dunann siad an poll leis an mbata.
Nuair a bhíonn na prátaí go léir curtha leathtar aoileach ar na h-iomairibh agus cuirtear cré ortha.
I gcionn taimailín nuair a bhíonn na gais ós cionn na talmhan cuirtear aith-cré suas.
I mí an Iúil deineann m'athair iad do sprayáil i gcoinnibh an duibh.
Annsan bíonn siad ag fás i rith an t-Samhraidh agus baintear san bhFóghmar iad.
Baintear le rámhainn annso iad.
Pioctar na fadhbháin ar dtúis 'siad san na prátaí móra.
Annsan piochtar na prátaí beaga ar a glaodhtar criocainín.(continues on next page)- Collector
- Luíghseach Ní Chonmhaighe
- Gender
- Female
- Address
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí