Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dreoilín i gCoill na bhFuinnseóg tráth, agus ní raibh aon dhreoilín eile san áit sin ach é. Dubhairt na buachaillí timpeall na h-aite go marbhóchaidís an dreoilín, agus go raghadh siad amach lá 'le Stiapháin. D'airig an dreoilín iad, agus dubhairt sé leis fein go imthigheóchadh sé as an áit ar fad.
Sar a dtainig lá 'le Stiopháin d'imtigh sé agus níor stad sé gur bhain sé amach Sliabh Tuirc. Bhí sneachta ar an dtalamh, d'fheach sé annso is annsúd chun foithin d'fhagháil amach do féin, bhí sé ag cua agus af cua fé dheire fuair sé poll fé bhun chrainn!
Isteach leis, agus cad a bhí ann, ach tigín lán de choirce is de cruithneacht! D'ith sé a dhothain, luigh sé síos, agus chuir sé a cheann fé 'n a sciatháin.
Níor bhfada gur airigh sé gleo mór ag teacht chuige; cad a bhí ann ach luch! "Cad a thug annso thú?" Thosnuigheadar ag troid, agus níor(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ashgrove, Co. Chiarraí