Scoil: An Clochar, Neidín

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Brighid Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Neidín
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Tíos - Cionnas Putóga Fola do Dhéanamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair bhíonn an mhuc dá mharbhugadh bíonn bean-tighe ag bailiughadh an sruthán fola isteach i mhéis mhóir agus í ag corruighe leíthí gan stad gan staonadh go mbíonn an braon deiridh aici agus agus annsan feín ní stadann sí go mbíonn sí cinnte nách n-éireocaidh an fhuil dlúithte uirthí. Nuair a baintear na putóga as an mhuc tosnuigheann an obair chruaidh. Ní mór iad do glanadh - trén iad do nighe agus d'aith-nigeadh agus an taobh istig d'iompod amach agus na giota saille do bhaint díobh. Is fuar agus is míd-compórdach an saothar é seo agus má bíónn abha i gcomharsanacht an tighe leigtear do'n cuilith rith triotha isteach.
    Nuair a bíonn siad so réidh, glan tosnuightear ar na comhgaisí do mheasgadh. Cuirtear an mhias fola ar an mbórd agus cuirtear isteach ann cúpla ladhar de mhin-coirce go mbíonn sé comh tuigh le bainne reamhar. Gearrtar ionúin annsan agus cuirtear isteach iad le luibheacha so-bhlasta agus spíosaí agus salann. Doirtear isteach braon beag bhainne annsan chun an dath do fheabhsú agus corruightear an measgán go ceann tamaill mhaith. Annsan ceangltar ceann amháin de'n phutoíg mhóir agus le crúisgin beag líontar é leis an measgán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    25
    Seoladh
    Neidín, Co. Chiarraí