Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 11748)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 255
- XML “Arán na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa t-sean aimsir deintí an t-arán do phlúr mhin-choicre. Ar dtuís meiltí an gráinne ar an mbróin. Bhíodh cheann ag gach aoinne fadó acht nílidh ann in aon chor anois. Sa ghreidiol do cuirtí an t-arán ag bácáil mar ní bhíodh aon báchus ann an uair sin agus tá an ghreidiol ag an lán des na daoine fós. Bhíodh steaimpí leis acu fadó ar fhéilí áirigthe sa mbliadhan – Lá Féile Shan Sheáin agus Lá Fhéile Mhichil.
Seo mar a deintí an steaimpí a deir an sean amhrán.
“Tá tigh mór fairsing i mbarra na h aoinne
Tá bean acu á glanadh ann is bean acu á scríobhadh
Is bean acu a fhaísgeadh an gcorcán ar a dicheall
Is seana bhean ar a corraghiob á leathad ar an ngríosaig”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Giolla Choda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Chiarraí