Scoil: Lóthar (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Lóthar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: B. Ní Mheidhre
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lóthar
- XML Leathanach 342
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Cailleadh táiliúir agus fighdóir an an lá ceadhna agus chuadar...”
cailleadh táiluir agus fíghdóir an lá ceadhna agus chuadar sa t-siorruidheach i bhfohar a chéile. Glaodadh cúntas gach duine aca ach má - seadh níor leogadh isteach i bhflaithais Dé íad. BHíodar a' máirseáil tímpal dóibh féin annsan agus do casadh an bheirt aca ar a chéile bhí an fíghdóir ualaighthe go talamh le mála mór a bhí aniar ar a dhrom.
"Mhuise cogar sa dom a dúbhairt a' tailúir" ar mhisde leat ínnsint cad é an chúid a bhí aca ort ná leogfaidís isteach thú."
"ó, a mhic ó, ní mhisde" a dúbhairt an fíghdóir bhí cúis a ndóithin aca chúgam, ná feiceann tú an mála seo atá aniar ar mo dhrom agam
"Ceartlíní abhrais atá ann ó chimeadas ó daoine a bhíodh ag(leanann ar an chéad leathanach eile)