Scoil: Lóthar (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Lóthar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: B. Ní Mheidhre
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lóthar
- XML Leathanach 343
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Cailleadh táiliúir agus fighdóir an an lá ceadhna agus chuadar...”
(ar lean ón leathanach roimhe)cur plainníní chúgham agus sin é mo phurgadóireacht anois, bheith 'á n-iomchar ar a'shaoghal eile, agus cad a cinnibh tú amuigh." ar seisean leis a' dtaillúir.
"Rud suarach a mhuise" a dubhairt an tailliúir. "Suasthidín a ghoideas ó thailliúr eile nuair a bhíodh ar a ' saoghal agus tháinig sé idir mé agus rioghacht na bhflathais . Tá sí sáidhte annso i gcáibe mo cabóige agam."
Dheara ars an fíghdóir tá sí chómh maith agat i chaitheamh annso chugham-sa i dteannta na gceartlíní agus do chaith agus do chaith scaoileadh an tailiúir isteach i bhflaitheas Dé.
Sin é an bhrígh atá leis an seanfhochal san a chloistear go minic ag daoine .i. "B'fearra dhuit é chuir ormsa i dteannta na gceartlíní" agus nuair a bímíd ag tabhairt milleáin do dhuine agus ag cur rud 'na leith ná bhionn sé cionntach ann.