Scoil: Doirín na nDamh (uimhir rolla 5348)
- Suíomh:
- Doirín na nDamh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aifrinn d'ofráil, ar eagla go dtiocfadh naimhde an chreidimh, sé sin saigdiúirí Sasanacha agus go ndéanfaidís an Sacraimínt naomhtha do truailliú. Is ag Dia féin amháin atá fhios; cé mheád cruadhtan a fhulaing na Catoilicig, le linn na 18adh aoise go h-airithe. h-Órduigheadh do na sagairt mionna dílse ag glacad le Rí Shasana agus nuair a dhúiltigheadar dó sin fógruigheadh go ndíbreochaidhe as an tír aon sagart a léighfeadh aifreann gan chead; b'í an bás ba ró mhinic a bhíodh mar pianós ar sagart a léighfeadh aifreann agus ar na daoine a éisteadh leis nuair na innseochaidís do's na h-úactaráin cérbh é an sagart agus cé'n áit 'na raibh an aifreann. Mar sin do bhíodh ortha bheith ana cúramach agus an t-aifreann a rád ós íseal. Innstear sgéal dúinn í dtaobh an Chúim sin ar a bhfuilimíd ag chainnt.
CHÚM an AIFRINNLe linn na ghéirleanamna, do bhí sagart áirithe i bhfolach istig sa chúm sin áit 'na bhailigheadh na daoine o ám go h-am chun aifreinn d'éisteacht agus freisin cun oideachais éigin d'fhághail úaidh. Lasmuigh de'n cúm sin tá loch agus ag imeall an locha sin do chómhnuigheadh baintreabhach agus b'í sin bean fhaire ba mhó a bhíodh ag an sagart sin; chuireadh sí in íul dó i gcómhnaidhe da mbeadh saighdiúirí Sasanacha sa chomhursanacht nó dá mbeadh aon baoghal go mbéarfaidh air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Siothcháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Ghabhann, Co. Chiarraí