Scoil: Doirín na nDamh (uimhir rolla 5348)
- Suíomh:
- Doirín na nDamh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Go déanach oidhche áirite fuair an bhaintreabhach sgéal go raibh long mór saighdiúr Cromaill ag teacht isteach chun Tathuille agus go rabhadar chun an cheanntair do chúardach agus do threascairt ag gach rian Caitileachta do ghlandadh amach as. Ba bheag ná gur thuit an t-anam as an mnaoí bhocht ar dtúis, mar is ar an sagart a bhí sise ag cuimhneamh, agus dar léi go mbeadh greim ag na Sasanaig air anois. Bhí triúir leanbh sa leabaidh aice - uair marbh na h-oidhce a bhí ann - cad a dhéanfadh sí ar aon chor? Do rug sí léi an triúir leanbh, agus b'eo léi a' déanamh ar an bplúais 'na raibh an sagart. Bhí seisean 'na chodhladh freisin ach geallaim-se dhuit nár chaill sé púinn aimsire a' bailiú leis gach a raibh aige agus a' glanadh amach as an áit. Do shocruig an bhaintreabhach leabaidh luachair do's na leanbhaibh ach ní baoghal gur thuit aon néall uirthe féin. Ba gheárr go bhfaca sí an slúagh malluighthe a' teacht - duine airithe sa chómharsanacht a glach breab ó's na saigdiúirí san agus a innis gach nídh i dtaobh "Cúim an Aifrinn" dóibh. D'fan sise mar a bhí sí go dtí gur tháinig na saighdiúirí cúiche mar bhí fhios aice go mbeárfaidhe uirthe pé sgéal é. Thosnuigheadar a' magadh fúithe agus fé'n íde a thabharfaidís do'n sagairt nuair a bhéarfaidís air. Bhí an bhaintreabhach 'na tost, níor thug sí freagra ar bith ortha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Siothcháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Ghabhann, Co. Chiarraí