Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)
- Suíomh:
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seana-Caiseal
- XML Leathanach 134
- XML “An Steaimpí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá beirt sa ranng agus connacadar a máthaireaca ag deanamh steaimpí de na prátaí. Seo é an cúntas a thug gach scolaine de.
Fuair mo mháthair bun de ceaintín stáin. Dein sí puill air le tairnge. Fuair sí dhá tairngí. Grátaén a tugtar an sin. Fuair sí na prátaí ansan. Bhain sí na croicinn díobh le scían. Caith sí uaithi na croicinn Scríobh sí na prátaí ar an grátáen. Bhí buicéad fé bunn an grátáeir. Tugtar steaimpí ar an rud a cuaidh isteach sa buicéad. Fúair sí piósa eadaig ansan. Cuir sí an steaimpí isteach san eadach. D'faiste sí é go maith cun an t-uisce go léir a bhaint as. Ansan fúair sí an plúr. D'fúin sí an plúr agus an steaimpí le ceile agus dhein sí cístí díob. Cuir sí na cístí ar an greidill nó ins an oighean cun iad do bácáil- Bailitheoir
- Máire Tailliúra
- Inscne
- Baineann