Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)

Suíomh:
Seanchaiseal, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seana-Caiseal
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Scéal Fiannaíochta - Maoinsín Rí Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    féin gur mhithid d'aon traibhléirí i bheith istig ó dructacht agus ó speír na h-oidhche agus a leabaidh luighe beith thógtha aige bhuaileadar isteach go dtí tigh deas ar thaobh an bhóthair. An tig ba dheise a connacadar ríamh. Ná raibh bun cleite amach nó bárr cleite isteach ac táirní do sceana bearrtha agus táirní cruadhte á ceangailt suas ar eagla aon stuirm a deunamh díoghbháil do. Táinig bean deas briosanta glan go dtí an doras agus cuir sí míle fáilte roimhe
    Ártach Rí Eireann agus míle fáilte roimhe Ártúr Rí Eireann agus cead míle fáilte roimhe Mhaoinisín Rí Eireann. Bhuail sí cathaoir airgid fé gach aon acu agus cathaoir óir fé Mhaoinisín. Nuair a bhí dinnéar ollamh cuir sí pláta airgid, scian airgid agus forc airgid cun gach aon acu agus pláta óir, scian óir agus forc óir fé Mhaoinisín "Duine agus duais orm" arsa Ártach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Teanga
    Gaeilge