Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)
- Suíomh:
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'itheadh na dhaoine dhá bheile bidh sa lo fado. An breicfeast agus an deinnear a bhiodh mar ainm ar an dha bheile. D'ithidhís an bhreicfeast ar a deich a clog ar maidhean agus dhithidhis an dhinnear ar a cúig a clog sa (tranonona) trathnóna. Ba gnátac le dhaoine obair a dheúnnam roimis an cead beile ar maidean. Dho bíodh caidaí agus bainne géar acú ar maidhean agus dho bhíod prátaí agus feoil agus bainne acú i gcóir an dhinnear. Dithidís prátaí go minic fado agus dólaidhis a lán bainne. Bhiodh an bordh i lár an tighe idhtigib urithe agus dho bhíod sé i gcoinnib an fhalla i dtigib eile. Do bhíodh trí saghasanna arain ag na daoine fadho. An caidaí agus an steaimpí agus dho dheineadh na daoine féin aráin as an cruineact. D'ithidhís feóil go minic fado. Feoil guirt is mó a n-itidhís. D'ithidhis a lán iasc fado. Faighidís é sin ins na h-aibhne agus ins na loca agus ins an bhfairrge. Ní bhiod biadh dhe sort airithe acu ar ocaidí speisalta. Ní cuimhin le h-aoine tae do theacht go dtí an ceanntar an cead uair riam.
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann