Scoil: Curraichín (B.) (uimhir rolla 15978)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Scothlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seana muinntir, ó Rín na nDealgan í)
- Chuaidh beirt fear ó'n mBealach go dtí an poinnt i Ros Beithe chun "reic" d'fhághail tar éis na taoide. Ní bhfuair siad aon rud.
Nuair bhí siad ag teacht abhaile ó'n bpoinnt, bhíodar ag cainnt. Dúbhairt duine aca leis an duine eile go raibh an oidhche ana-uaigneach agus chun iad féin a bheith amuich. Do chualaidh siad an guth istig ins an stuaich gainimhe ag rádh "go raibh an oidhche uaigneach cun é féin a bheith annso le na lán bliadhna agus nár tháinig aon duine cun é do bhreit amach as an áit".
Do thuit na hatai as a gcinn le h-eagla ; ritheadar agus bhí siad ag tuitim agus ag éirghe le scannradh. Nuair tháinig siad abhaile, chuaidh siad isteach san leabaidh agus fuair siad bás cúpla mí ina ndiaidh san.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Criostóir Ó Concúbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Foghladha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí