Scoil: Curraichín (B.) (uimhir rolla 15978)

Suíomh:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Scothlaoich
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 644

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 644

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (B.)
  2. XML Leathanach 644
  3. XML “Scéal - Rí agus A Dháréag Prinséisí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar a aghaidh amach agus bhí sé fá draoideacht. Bhí siad ag siubhal agus ag shiubhal go dtí gur tháinig siad go dtí abha beag agus bhí dá bhád deug ann agus do chúaidh an bhean aosta isteach san gcead bád agus bhí an fear san mbád deirineach in éinfeacht leis an bhean óg. Bhí na baid in dhiaidh a céile agus dúbhairt an bhean óg go raibh rud éigin ar chúl an báid. Tháinig siad amach ar an dtaobh eile de abhainn agus chuaidh siad isteach i bpálás agus tosnuig siad ag rinnce agus bhí siad ag rinnce ar feadh na h oidhche agus do dhein siad dinnéar doibh féin annsan agus dith siad an dinnéar agus dith an fear e, agus ní faca aoinne é. Annsan ar maidin chúaidh siad abhaile. Bhí sé ar an gcead mbád in éinfeacht leis an bean aosta. Tháinig sé tar nais agus chuaidh sé isteach sa leabaidh agus bhí sé istig sa leabaidh nuair a tháinig ceann de na mnáibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0306: The Danced‑out Shoes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Seaghdha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Muircheataig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Curraichín, Co. Chiarraí