Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Leathanach 147
  3. XML “Seanthigh Pheaidí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-thigh Peaidí
    Bailighthe ag Pádraig Ó Ríordáin ó Cúl Ruadh
    Fadó bhí fear na cómhnuidhe ag Ros beithe in aice leis an Breach. Ní raibh an Breach i n-aon cor an uair úd. Pádraig Ó Conchubhair an ainm a bhí air. Bhí sé i bhfeidhil an oileann agus an trágha. Ní bhíodh cead ag aoinne dul ar an oileán an uair sin mar ba leis an tighearna talmhan Master Winn gach rud air. Bhí sé pósta agus bhí clann mac agus inghean aige agus d'imthigh an clann i ndiaidh a chéile go dtí America. Nuair a fuair sé féin bás n raibh aoinne sa tigh na dhiaidh. Oidhche gheimhridh do tháinig an taoide isteach agus do leag sé an tigh. Tá sé na fhothrach anois le breis is céad bliain.
    D'innis mo sean máthair Máire bean Uí Ríordáin ó Cúl Ruadh é seo dom.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
        2. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Ríordáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Maire Bean Uí Ríordáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí