School: Gleann Beithe
- Location:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 359
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgeul GrinnAinm an Aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann-beithe.
A Aois: 50 bl.Seo sgeul a h-innseadh i bhfad ó shoin.
Cuaidh fear ó Gleann Beithe ag marcuigheacht ar chapall iallaite go Béarna Gaoithe - chnoc mór árd idir Gleann Beithe agus Gleann Cárthaig. Bhí sé an-déanach san oidhche, tuairim a h-aon nó a dó a clog.
Bhí an fear ag deunamh suas ar barra na Bearnan nuair do stad an capall agus do chlois sé an ceól ba bhinne dá gcloiseadh riamh. Cuaidh sé ar a thuras. Ar filleadh thar n-ais do chonnaic sé an domhan de dhaoinibh, idir fheara agus mná i bhfuirm comhtalan rínnce. Stad an capall agus do bheannuig an fear, ach níor beannuigheadar dó.
Taréis cúpal nóimeat do stadadar an rinnche. Bhí bean i n-aice leis agus d'fiafruig sé di cad a bhí á sheinnt acu. D'freagair sí - "An gaoth a corruigheann an eórna." Thug sé triall dul anáirde ar a chapall, is do fuair sé pian in gceann den a mhéireannaibh. Dein sé a dhicheall dul suas ar an gcapall ach níor b'féidir leis.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Informant
- Máire Bean Uí Riordáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí