Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (uimhir rolla 12198)

Suíomh:
Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Conchubhar de Barra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle)
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “Mac Rí Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    atá mar chnocaibh in Éirinn indiu. Bhíodar mar sin ar feadh an lae le chéile agus tráthnóna thiar bhí mac na baintríghe chlaoidh, nuair a tháinig an spideóigín ós chionn anáirde. "A Mhic na Baintríghe ó Éirinn" ar sise "ná h eireóchadh an fhuil ua [?] in uachtar an uchta dhuit agus an olla phiast gránda san do chlaoidh". Leis an méid sin d'éirigh neart agus lúath i mac na baintríghe. Bhuail sé le buile dá chlaidean é agus do chuir sé ar an dtalamh. "Bair an ceann de" ar san spideóigín. "Ná bain" ar san fathach "agus tabharfaodh me duit mo shaifhbhreas agus mo ríoghacht. "Beidh san agam agus do chloigeann" ar siesean. Do bhain sé gad agus chuir sé ga agus do tharraing sé gad té'n a chluasa agus do chroch sé anáirde ar chrann é. Do thiomáin sé leis abhaile na ba tráthnóna agus do chrúidh na seirbhísigh iad. Bhí oire bainne ages na ba an tráthnóna sin [?] ar éigin fuaireadar slíghe dho, agus níor d'innis se faic dá máighistir, agus bhí an-iongantas ar an máighistir an bainne go léir a bhí aca. Chuaidh sé a chodladh agus bhí sé tuirseach t'réis an lae
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Leidhin
    Inscne
    Baineann