Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 291
- XML “Píosa Filíochta”
- XML “Píosa Filíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mar is gearr go mbeidh sí saor
Beidh tínte cnámh ar lasadh i ‘gainn
Beidh ceól is rínnce fada ‘gainn
Agus cuing na daoirse scareadh linn
Go lá deireadh an t-saoghail.22-11-1936. Siobhán Ní Dála
Ó Miceal Ó Mórán - Piosa Filiochta1.Móra duit a spéir bhean
Is moch ataoi it aonar
Ag seoladh do thréuda ar taobh leacan an cheóig
Do shiubhlaigheas Éire go mion lena chéile.
As do shamhail do réulthean ní fheaca riamh fós2.Is maith a cuir Éire chuige le na chéile
Mar a bhfeacaís Bé ann is deide gnaois is cnó
Ná mise nach reulcan ach toice gan éifeacht
Cé bladar na breuga ní ghlacfainn ód shórt3.Ní toice tú a bán chnéis
Ach ainnir mhín mánla
Is deas é do gaire as do gruaig mar an rós
Do suil mar an áirne as do ghruaigh
na chrothannaibh
Ag tuitim na cárnaibh go talamh id dheóig.4.Éist feasta dod ráidhte do moladh ní hath liom
Ní creidim a lán dheis ní thuigim gur cóir
Níl aon bhean comh bréag san acht Bhénus nó Pollas
Is ar talamh níor táinig an samhail sin fós.
Dar go deimhin duit a spéirbhean ní bladar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Bheathnach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Connaill
- Inscne
- Fireann