Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dúbhradar gur ghuideas é, agus bheadh sé im phóca. Do chuarduigheadar a phócaí agus ní raibh aon ní ionta agus dúbhairt an breitheamh nár guid sé an t-airgead inaoncur. Dúbhairt an sclábhaidí go gcaithfheadh siad airgead a thúbhairt do mar geall ar an éitheach sin do cuir air. Do thugadar míle púnt do. Do chuaidh an sclábhaidhe fé dhéin an bheirt eile agus d’innis sé an sgeal dóibh. Do mhaireadar go sásta as san amach agus a ndóthain airgead aca.
    Caitlín Ó Choncúbhair do scriobh 28,7,1938
    Ó Seán Ó Choncúbhair 5,2,1938
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgeal
    Do bhí beirt gadaidhthe ann fadó agus do théighidís le chéile gach uair go mbídís cun aon nídh do ghuidh. Oidhche amháin do bhíodar ag dul treasna na Leamhna cun tarbh do ghuid. Do bhí an oidhche ana fhliuc agus bhí tuile san Leamhain. Do bhí eagla ar duine aca roimh an tuile agus ní raibh aon eagla ar an bhfear eile. D’imthigh sé go dtí an áit ina raibh an tarbh agus fuair sé é. Do bheir sé leis é agus nuair a bhí sé imthighthe tamhall mhaith do mhairbh sé an tarbh agus do bheir sé an feóil abhaile agus dfág sé an cuid eile ina dhiaidh.
    Nuair a thriomuig an oidhche do ghluais an fear eile go dtí an áit ina mbíodh an tarbh. Nuair ná raibh an tarbh ann do bhí fhíos aige gur ghuid an fear eile é agus lean sé rían an tarbh go dtí gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Concúbhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Concúbhair
    Inscne
    Fireann