Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tomhaiseanna
    Do ritheas agus do bhraitheas, do chúarduigheas agus ní bhfúaireas, dá bhfaghainn é, caithinn úaim é agus núair ná fuaireas é do thugas liom é.
    Fr = Dealg
    Chaitheas in áirde é chómh bán le sneachta agus tháinig sé anúas ina ór buidhe leachta.
    Fr = Ubh
    Tobairín fíor uisce ar fíor bán an tsléibhe funneóigín gloine agus doraisín cré.
    Fr = Súil
    Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag déanamh eolais agus mac an gioblacháin ag rith ‘na ndíaid.
    Fr = Bó ag rith
    Chím sa chúinne é agus dá chead suile air.
    Fr = Anairthe.
    Chím é agus ní fheiceann tusa é agus is goire duitse ná dómhsa é.
    Fr = Cúl do chínn.
    Measín cúmhtha camtha a beal fuaithi agus a thóin in áirde.
    Fr = Bárthnach.
    Chím chughaim aníar – trí capaill, trí fíaid, trí púilíní óir agus trí pochadán fíaid.
    Fr = Sochraid.
    Bíonn sé thoir is bíonn sé thíar.
    Bíonn sé i ngáirdín Baile Átha Cliath
    Is mó a greim ná greim capaill
    agus ní bhlaiseann sí an féar.
    Fr = Speal
    Coinnín i bpoll ‘sa ceann amach
    Tarraig go trom is tiocfaidh sé leat.
    Fr = Bó ag breith
    Gé bán gan sciathán mar a’ crann
    gan géagán tháinig madra rúadh
    Gan ceann is d’ith sé gan béal
    Fr = Sneachta ar bhárr tíghe agus an ghrían ag taitneamh air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge