Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Sgoileanna a bhí i nÉirinn fadó. Do bhí uraim d’on fhoghluim agus d’on léighinn riamh ag gach aon treabhchas so-bhéasach ar Domhan. Roimh teacht an chreidimh féin do bhíodh sgoileanna sa tír seo mar a dtugtí teagasc ar gnéithibh feilidheachta is ar sheannchuis is a dlígh na críche.
Do bhí cúpla sgoile mór thímcheall na h-áite seo. Do bhí ceann ag Tomás Rúad in Dromchaor agus do bhíodh sgata mór sgoláire ag teacht ann agus do bhídís cómh mór leis féin gan bróga ná stoca ortha acht an oiread. Do bhíodh an fear bocht ag dul ó thigh go tigh gach oidhche chun lóisdín d’fághail. Tá fothrach na sgoile sin ann go dtí an lá indiú.
Do bhí ceann eile i mBarra na h-Aoine agus Tomás Ó Fíannachta a bhíodh ag múineadh ann. Ní thagadh sé go dtí an sgoil go dtí ‘na deich a chlog agus do chaithfidís dul go dtí an tigh na mbíodh sé agus é a dhúiseacht. Máighistir ana mhaith dob eadh é. Árd a Mháighistir a tugtar ar an áit a raibh an sgoil suidhte.
Bhí sgoil mór eile i n-Doire Éanna acht níl aon fhios ag na daoíne cé bhí ag múineadh ann. Do thuit na fallaí acht taréis tamaill do deineadh súas airís é agus bhí Pádruig Ó Murchúghadh ag múineadh ann. Fadó leis ní bhíodh acht cleití acha chum sgrí leó acht ní mar sin anois. Tá na pinn acha. Is breagh aimsir atá acha anois.Gobnait Ní Shéaghdha
Doirenéadain
Máistir Gaoithe
Cill-Áirne- Bailitheoir
- Gobnait Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Éadain, Co. Chiarraí