Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 374
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí fear ann fadó agus do théigheadh sé go dtí Cíll-Áirne le h-ím gach mí. Is ag siubhal a théigheadh gach aoinne ag dul ar thrusanna an úair sin pé úalach a bheadh acha. D’fhág sé an tigh ana-dhéidheannach aon lá amháin agus bhí cúpla cloch ím ar a dhrom aige chum iadh a bhreith go dtí Cíll-Áirne chum é díol.
Núair a shrois sé Cíll-Áirne do bhí tuitim na h-oidche ann. Núair a bhí an t-ím díolta aige d’iompuigh sé abhaile agus ní raibh aoinne in-éinfeacht leis. Núair a bhí sé leath-slighe bhí sé ag eirghe déidheannach agus ní raibh solas ach in aon tig amháin. Cúaidh sé isteach agus ní raibh aoinne istigh roimis acht an madhra. Do thosnuigh an madra ag amhastraig agus d’eirigh gach aoinne sa tigh. Cheapadar gur gadaidhe a bhí ann agus níor dheineidear aon rud acht buile de’n tlú a thabhairt do, agus do mhairbh ar a nómat san é.
Níor dheineadar aon rud ach é thogaint amach sa ghairdín cun é a cur. Bhí duine aca ag coimeád an lampa don duine a bhí á cur. Le na línn sin do thuit an lampa úaidh agus do chúaidh a raibh amuigh ar strae agus níor cualadh aon ní mar gheall orta ríamh ó shoin.Pádraig Ó Chúrdáin
Ochtaibh
An ChoirreánSgeal a fuaireas ó’m athair Dómhnall Ó Curdáin- Bailitheoir
- Pádruig Ó Curdáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ochtaibh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Curdáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ochtaibh, Co. Chiarraí