Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 380
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LuibheannaIs iad na luibheanna a dheineann díoghbháil ná puirseach buidhe cupóga agus an caisreábhán. Deineann na cupóga an talamh do bhochtúghadh agus múchann an puirseach buidhe na plandaí eile agus ní itheann aon rud an chaisréabhán acht na géanna agus na muca.
Fásann na cupóga agus an caisreabhán i gcré agus fásann an puirseach buidhe i n-áiteannaibh boga. Tá leigheas ins an bpuirseach buidhe cun an triuc. Deineann siad é do bheirbhiúghadh i n-uisge agus an t-uisge d'ól annsan.
Tá maitheas ins na luibheanna leis. Núair ná bíonn go leór prátaí ag na daoíne, is minic a thugann siad an caisréabháin do’s na muca. Tugann siad na cupóga dos na cearcaibh. Geárann siad iad agus cuireann siad gráinne mine ortha annsan. Tugann siad duilleóga na saillíghe dóibh leis.
Deineann siad éadach do dathú le luibheanna leis, siad na luibheanna íad na bláth an aitinn agus an duilleasg cloch dath buidhe a chuireann an dá cheann ar an éadach.Mícheál Ó Súilleabháin,
Doirenéadain
Máistir Gaoithe
Cill ÁirneO’m athair Séamus Ó Súilleabháin- Bailitheoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Éadain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Éadain, Co. Chiarraí