Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)
- Suíomh:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Helen O' Sullivan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dán: Lá ar a Sgeilg. Lá breágh gríanmhar amuigh sa Phriaracht
Do gluais ó’n gCaladh im’ fhochair féin,
Ollamhain is Cliar go raibh feidhm na dteagasc
Is mór-chuid Eireann de mhacaibh léighinn.
Le linn na mbád do bheith ag seóladh do h-árduigheadh mór-liúgh agus céad “Hussey”
Is do thógfadh sé ‘n croidhe a bheadh críon le mairg
A bheith ins an mbárc úd i dtúis an lae.Síar do ghabhamair le fuaim is acfuinn
Thar ‘Léan na gCapall na nGroidhe-fhear séimh
Thar ailltibh na Cille agus Bólus borb
Fé dhéin na gCarraig ag bun na speir
Bhí an ghrían go soillseach ó Neamh ag taitneamh
Bhí greann is aiteas ar dheis is ar chlé
Is bha bhinn é bheidhlín an duibhnigh mheanmnaigh
Is a cheól dá mheasgadh le ceól na n-éanNí raibh néal sa spéir ach bhí leóithne ó’n dtalamh
Is do cheapas nách raibh ins an Domhan go léir
Aon radharc níos aoibhne ná an Gleann fé thaithneamh
Is bágh Fhionnáin Naomhtha na nGlórtha séimh
An Chanóg mar bheadh seód ghlas ‘na meall breágh mhaiseach
Is Ceann Bhrí mar thaca ar bhealach na n-Éagh
Bhí na sguainte gainéadaí chómh geal le sneachta
Ag triall ó’n gCarraig d’ár bfáiltiúghadh féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)