Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)
- Suíomh:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Helen O' Sullivan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1V.
Ba gearraid an mhoill orainn dul ar talamh
Do caitheadh téad agus scaoileadh seól;
Ó; ba dhianmhair iongantach an radharc in ár n-aice
Amhail Oileán Draoidheachta na bhFathach mór
Suas gur ghabhamair in ár gcamhthaíbh meara
Suas thar leaca Bealach na Naomh
Gur leagamar cos ar Phlasóg na gCealla
Céad glóire dhuit, a Dhia Mhóir, do cheap an saoghal. V.
Níl feidhm im’ glór-sa chun trácht ar an aiteas
Ar áilneacht na tíre ó’n uile thaobh
I bhfad ins an deisceart uait Béara na mbeanna
Dúthaigh bhreágh shléibhteach Uí Shúilleabháin tréin.
Agus taobh leis siúd tá an t-inbhear maiseach
Mar a ghaibh Clanna Míleadh na dtaoiseach réim
Sar ar ghabhadar ó thuaidh go dtí Corca Dhuibhne
Go dtí Gleann Scoithín mar ar buaileadh béim. V1.
Agus taobh leis na beannta tá na coillte glasa
Agus Doir’ Fhionáin aoibhinn na mbágh mbreágh réidhe
Mar ar chómhnuigh an leómhan groidhe dé Síolrach Chonaill
A tharraing síor-ghradain ó‘n dtír go léir
Ó thuaidh ó’n dtír sin tá Cúm a’ Chíste
Agus Loch Luigheach áluinn na n-Oileán ‘sna n-ean
Mar ar chaith Fhionán Naomhtha ó Inse Faithleann
Na bliadhanta fada ag adhradh Dé.