Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)

Suíomh:
An Coireán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Helen O' Sullivan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Waterville (C.)
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Seán na gCeirteacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seaghán na gCirteach
    (Fachtar trumpa béil chuige seo)
    Bú – ú – ú, tú, tu, tú – u – u – u (ar an trumpa)
    Preabáin gan mhaitheas, is sean-chirteacha:
    Cnámha muicfheóla! Cnámha bagúin:
    Cnámha caoir-fheóla; Cnámha mairt-fheóla:
    Tú – ú – ú, tu – u, tú – tú - ú (ar an trumpa)
    Gach éan – tsaghas buidéil idir reamhar agus seang fada agus teann.
    ‘Seadh, a thrumpa bhig, éirigh isteach annsan go fóill
    Agus bíodh greas chodlata agat;
    tá do chuid féin déanta go maith agat
    mar 'cím cinn dá sáthadh amach na dóirse suas an tsráid.
    Bailighidh suas! Bailighidh suas!
    Is mise Seán ó Modhráin, fear bailighthe sean-phreabán agus sean-chirteach ag iarraidh a choda is é leath-lomnochta; go bhfuil na fuachtáin ar a chruadh-shálaibh ó’n sioc, is an chruadháil air ó’n bhfuadráil is ó’n rithe; go bhfuil an tsnáith agus na snáthaidhe aige i gcomhair an aosa chríonna agaus na muilinn ghaoithe agus na misleáin i gcomhair an aosa óig. Bailighidh na sean-chirteacha agus bailighidh na sean-chnamhna. Tá buidéil da nglacadh indiu agam. Is ar éigin is fiú dham bheith na mbun ámh, mar ceannuighim ro-dhaor agus díolaim ró-shaor iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge