Scoil: Waterville (C.) (uimhir rolla 16015)
- Suíomh:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Helen O' Sullivan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Airgead síos ó’n té go bhfuil an t-airgead aige. Ach an té na fuil, go bhfóiridh Dia air mar ní bhéidh air coidhche ach an chruadháil agus an bhuadhairt aigne fé mar atá orm féin. Ná bímís ag gearán ámh. Éinne ná fuil-geall ná airgead aige, gheobha’ sé earradh gan éan-rud.
Seadh, a Shíle, bí go briosg agus díol a bhfuil agat annsan. Ní maith an comhartha an leisge ort; Togha agus rogha do’n tobac annso! Tobac agus snaoisín; sniuf an tib-aicí!
Arán breágh milis annso. Pinginn an cáca agus é go h-áluinn! Tabhair dhom an prás agus tiubhradh-sa an t-arán duit.
Gach aon – tsórd réil agus airgid dá ghlacadh annso!
Arán sínséir annso! Lán do bhuilg de ar leath-thuistiún luach dhá phinginn ar an bpinginn um thráthnóna. “A Sgéal féin, sgéal gach éinne” agus sgéal Mhárthain an t-airgead.