Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mrs J. Booth
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnuicíní
- XML Leathanach 280
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear i gCathair Domhnall timcheall céadh blían ó shoin agus do thug sé ana bhualadh do Mhinistir Shasanaigh a bhí i gCurreán. Níor thug san shásamhdó, agus do strach sé le cárd é. Do thug an Ministhir an dlíghe dó, do chuaidh an fear go dtí an sean "Councilér" agus d'innis sé a chás dó, agus 'sé an freagra a thugh an "Councilér" dó, ná go raibh chás cruaidh aige, ach "dhéanfaidh mé mo dhicheall duith chun tú do thabhairt saor, an breitheamh a mbeidh sa chuirt ag triall cughath, tá sé ag teacht chun mise d'fheiscint i nDoire Fhionnán i gceann seachtmhaine agus cuirfidh mé tuairisc cúghat, nuair a thagadh sé. Aleig órt annsan go bhfuil tú marbh, agus bheidh tórramh ort agus raghadh féin go dí an torramh agus an "breitheamh liom."Do thainigh Domhnall Ó Connaill agus a chomhráidhe eiel go dtí an dtorramh. Do bhí an corp leaghtha amach i seómhra bheag na raibh aon -seimné ann, a,ch le h-ordhuighe an "Councilér", do cuireadh téine isteach i gcorchán 'sa tseomhra agus do dhein san morán deataigh, agus ní feidir le h-aoinne fanamhaint ro fadha ann. Do tháinig an "Councilér" agus a chomraidhe eile, chun paidhir a rádh, agus bá fhadha leis, go rabhadar amhuigh áiris. Nuair do chuaidh siadh amach, dubhairt an "Councilér" le n-a chomhráidhe, "seo duine bocht a bhí chun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchudha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Murchudha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)