School: Cnuicíní (roll number 13123)
- Location:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Teacher: Mrs J. Booth
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnuicíní
- XML Page 296
- XML “An Gorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinigh an Gorta san mblián 1847 aghus do fuair mórán de's na daoine bás leis an ocras. Na daoine a chailleadh a gcuid tailimh, bíodh an sgéal go h-olch acu. Ní bhíodh bíadh ná ceannach ar cáirdhe acu, agus ní bhíodh le déanamh achu, ach dul ag iarraid déirce. Ní fada a bhídhís ag iarraidh na deirce. Nuair a thaghadh breóitheacht ortha agus gheibhdís bás. Ní bhíod an taithíghe achu ar an ocras na ar an gcruadhtan agus ní sheashuighdhis i bhfad nuair a thagad an t-ocras agus an cruadhtan ortha. Go minic nuair a bhíodh an t-ocras go dían ortha do chaithidis eirghe agus gabháil amach agus a n-aghaidh a thabhairt ar tig cómharsan éigin. B'fheidir chómh dealbh leo féin no gheall leis. Féachaint an bhfaighdís lán beil de rud eigin le n-ithe a bhainfeadh an buile ochrais uatha.
D'iompuigh an droch shaoghal gac aon rudh taobh síos suas agus rud do b'ionganthach iseadh ná feirmeóirí móra láidire do thuit ar dtúis. An fear na raibh aige ach an feirm beag. Fear sé nó seacht de bhuaibh do choiméadh sé a greim. Ach an fear go raibh an fheirm mór fairsing aige do bhriseadh go luath e nuair a tháinig an t-atharughadh saoghail.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Néill
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Néill
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Address
- Leitir, Co. Chiarraí