School: Cnuicíní (roll number 13123)
- Location:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Teacher: Mrs J. Booth
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnuicíní
- XML Page 298
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'San tsean aimsir ní bhíodh an oiread daoine ag dul go h-America ná go Sasana, ná - go h-Albain is mar atá anois agus d'fhanadh gach líon tighe i dteann. Tá chéile go dtí go mbídís na bhfearaibh is na mnáibh agus an uair sin féin is mall do scaipidhís.
Is minich d'fhanad an bhuachaill bá shine gan pósadh go ndéanfaidhe treó do'n gcuid eile, do na cailíní go háirithe. Is minich a bhíodh scata mór páistí in aon tigh amháin, ag brath ar toradh na talmhan chun iad do chothughadh.
Acht bá shuarach an rudh do chothóchadh san aimsear sin. Bhíodh prataí go saor raidhseamhail, agus go háluinn ar fad le n-ithe, agus dár ndóigh bhíodh bainne 'na shlaodaibh ag na feirmeóirí. Bhíodh bainne dá chaitheamh amach an dorais agus gan aon mheas air. Bhíodh bainne (dá chaitheamh amach) gleigeal dá n-ól ag na muchaibh is na madraí. Fiú amháin na daoine a bhí gan fhód talmhan acha féin, b'fhuraiste dhóibh, bainne d'fhágháil gan ceannach gan airgead. B'é gnáth biadh na ndaoine ar fad idir fheirmeóirí is daoine bochta ná prátaí, prátaí le gach bhéile. Agus b'é an sgéal céadna é ar fúd na dúithche ar fadh. Ní bhíodh ag na daoine bocht(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mhurchudha
- Gender
- Female
- Address
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí
- Informant
- Liam Ó Mhurchudha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí