Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mrs J. Booth
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnuicíní
- XML Leathanach 299
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus na feirmeóirí beaga leis, na prátaí acht bainne san Earrach agus san t-Samhradh, agus braon sáile nó scadhán, nó rud éigin den tsaghas san, san nGeimhreadh nuair a bhíodh an bainne gann, nó iad d'ithe tur.
Bhíodh ag na feirmeóirí acfuinneacha i dteannta na prátaí, bhíodh an t-ím, feóil, uibhe, acha agus mín-choirche, aca go ráidhseamhail. Bhíodh choirce leis go tuigh torthamhail ag na daoinnibh, agus bróthann ins gach baile chun é mheilt. Bhíodh gach aon tigh lán de dhaoinibh, páistí beaga, buachaillí óga, caílíní óga, agus sean daoine, bhídís go léir idir óg is aosta go folláin, láidir is cumasach.- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchudha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Mhurchudha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí