Scoil: Cnuicíní (uimhir rolla 13123)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mrs J. Booth
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnuicíní
- XML Leathanach 311
- XML “Na Reiligí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ceithre reilig ins an pharóiste seo, ceann i gCill-na-bhFearnóg, i Dairbhre, i bPortmagee agus i Súgh Gréine. Na daoine a gheibheann bás tímcheall na h-áite seo, cuirtear i gCilló-na-bhFearnóg agus i Súgh Gréine iad. 'Sé an fáth gur glaodtar "Cilló-na-bhFearnóg ar an reilg sin mar bhí Cíll ann fadó, agus 'sé an fáth gur glaodhtar "Súgh Gréine" ar an reilg sin, mar ins an áit sin, bhíonn an gríán ag taithneamh go h-áluinn i gcómhnuidhe ann.Tá cuma cearnógach ar gach ceann acu. Tá sí timceall sé céud troighte ar fhaid, agus céud troig ar leitead. Tá sean fothrach ins an reilg atá i Súgh Gréine, agus deirtear gur sean seipéal a bhí ann uair amháin, agus cuirtear daoine istig ins an bhfothrach sin fós. Tá an reilg i gCilló-na-bhFearnóg ana garbh ach tá an reilg i Súgh Gréine leibhealta. Níl mórán crainn ag fás mórdtímcheall na reilg seo. Tá sean reilg i lár na sráide i gCathair Saidhbhín. Tá sé timcheall dachad bliadhain ó shoin, sar a raibh aoinne(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Bhrídh Ní Shiochfhradha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Siochfhradha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60