Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 443
- XML “Seanliosanna”
- XML “Seanliosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtí an tig é agus é ag beicigh "Ná marbh mé, ná marbh mé." Chuireadar fios ar shagart agus dochtuir ach d'aimheoin a ndicheall cailleadh é irith na h-oidhche sin.
- (D) B'é Seosamh O Maolcroidhe a bhailig an cunntas seo ó Pádraig O Neill. Fear óg 'seadh an Néilleach a chuireann an-speis i mbéaloideas. Tá roinnt maith bailithe aige. Thug sé an t-eolas do Sheosamh imBeurla agus chuir sé féin Gaedhilg air.
Cathair SaidhbhínFuair an baile seo a ainm ó cathair abhí ag an mbainrioghain Sadhbh nó Saidhbhín fadó. Bhíodh an Chathair san láthair chéadna is atá an otarlann indiú.
Cathair na gCatTá an cathair seo inaice le Cathair Geal. Is ar eigin a chífeá a rian anois. Cathair na gCat a tugtaí air agus bhíodh sgéalta ages na sean daoine go gcloistí na cait ag gol ann ist-oidhche.
Dún AonairIn aice le Cuas Croma tá dun cuibhdheasach mór ar a dtugtar Dún Aonair tosc ná bíodh ach fear amháin á chosaint igcomhnaidhe. Tá lios in aice leis an dúin seo agus tá Crois breágh le feiscint ann. Annso tá roinnt cloch leis agus ógam Craobh ortha
Cathair na mBanTamaillín uaidh seo tá Cathair na mBan le feiscint.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Ó Maolcroidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Néill
- Inscne
- Fireann