Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 606](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0476%2FCBES_0476_606.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 606
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 606
- XML “Scéalta Cráifeacha”
- XML “Scéalta Cráifeacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag rádh go raibh a anam imthighthe go h--Ifreann mar cúpla uair indhiaidh sin do chonnaic duine scríobhta ar an dtalamh le fuil "Mercy sought and mercy found" Annsan bhi fhios ag na daoine go raibh sé inthighthe go Neamh. Deirtear go dtáinig Iósa Críost an tréo sin nuair a bhí an fear ag fághail báis agus gur shábál sé ón Ifreann é.
Scéalta Cráifeacha
“Fadó bhí a lán scéalta i dtaobh Críost ach níl siad againn anois ach cúpla cheann.”
Fadó bhí a lán scéalta idtaobh Críost acht ní'l siad againn anois acht cúpla cheann.
Bhí gréasaidhe ann fadó agus bhí sé ana-fhíal fháilteach do's na daoine bocta. Lá amháin ní raibh ach trí sgillingí, agus bhí air leathar do cheannach leis. Ar a shlighe dho go dtí an baile do bhuail leanbh air agus d'iarr se deirc ar shon an t-Slánáthóra agus ghlac sé truag do agus thug sé sgilling don leanbh. Ní raibh aige annsan ach dhá sgilling. Ní raibh mórán den bhóthar cúrtha de áiríst nuair cassadh tinncéar uime agus b'éigin do sgilling eile do thabhairt dosan. Ní raibh aige annsan ach sgilling amháin. Tar éis tamaillín bhuail an triomhadh duine leis agus thug sé an sgiling dearnach do. Ní raibh airgead ná leathar aige annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí