Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 468

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 468

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 468
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. NÓTA
    B'é Mícheal O Sulleabhaín ó Othar Mang a thóg an t-eolas seo isteach. Fuair é an cunntas ón a mháthair.

    MICÍ MAIRE BULL
    Bhíodh fear ag teacht timcheall fadó. Mícheál O Curnáin do b'ainm agus sloinne dó ach tugtaí Micí Maire Bull mar leas-ainm air. Bhiodh sé ag seinm ceoil ar fheadóig. Nuair a ghlaodtaí Micí Maire Bull air bhíodh sé ar dearg buille agus chuireadh sé an fheadóg 'na Phóca agus ritheadh sé indiaidh na mbuachaillí is na gcailíní nuair a chloiseadh sé iad. Bhíodh sé ag stealladh eascainí uaidh igcomnaidhe agus bhíodh eagla ar na páistí roimhis.

    FIONÁN a' PHÍOPA
    Bhíodh fear eile ann "Fionán a' Phíopa" abhí mar leas ainm air. Lígh sé arc luachra uair amhaín agus bhíodh leigheas aige ar losgadh. Bhíodh sé ábalta ar iarann dearg te do chur ar a theangain. Fuair sé bás timcheall naoi nó deich mbliadhna oshoin.

    SÉAMUS O BRAONÁIN
    Théigeadh fear timcheall annso roinnt maith blian ó shoin, Séamus O Braonáin do b' ainm agus sloinne dhó. Bhíodh sé ag dul ó áit go h-áit ag lorg déirce. Bhíodh goile uathbhásach aige. Nuair a théigeadh sé isteach idtig agus nuair a gheibheadh sé rud le n-ithe bhíodh naíre ar an bhfear mbocht an iomarcha do thógaint. Tar éis tamaill, amhthach, nuair ná tugadh aon duine puinn suime air théigeadh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eochair Mong, Co. Chiarraí