School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0477, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 033
  3. XML “Scéal - An Gréasaí agus na Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    eirigheadh sé ar maidin gheibhead sé na bróga ar an mbórd. Oidhche amáin lasadar solas agus dfhanad ar na suidhe inaice na teine. Nuair a bhuail sé a dó dhéag a chlog tháinigh beirt sídheógh isteach léimeadar anáirde ar an mbórd agus chromadar ag obair. Nuair a bhí an leathar ídíghthe agus na bróga déanta acu dimthigheadar amach agus ní raibh am ag an gréasaidhe a bhuidheacas a gabháil leó. Annsan shochruigh an gréasaidhe agus a bhean gur ceart dóibh chulaith éadaigh a déanamh. Dhein a bhean stocaí as an olainn a bhfearr agus léinteacha as an lín-éadach a bhfearr a fhéadhfhadh sí dfágháil. Dhein an gréasaidhe brístí, casóigíní, agus caipíní as leathar bhog. Nuair a tháinigh na sídheógha an chéad uair eile fuaireadar na brístí, na léinteacha, na stocaí agus na caipíní ar an mbórd rómpa agus ní mhiste a rád go raibh áthas ortha. Dúbhradar amhráin mholta agus buidheacas don gréasaidhe agus dá mhnaoi. Dheineadar gáire athais agus ann san d'imthigheadar leó. Ní fheaca an gréasaidhe ná a bhean as san amach iad agus ní raibh aon gnó acu díobh mar déirigh an saoghal go maith leó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Domhnaill Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Fionán Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An tSráid Nua, Co. Chiarraí