Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgheal
Bhí dreóilín ann sá t-sean aimsir ag [!] bhí sé ag dul do a mhuirighin mhór a thógáil. D'iarr sé iasacht chúig bpúnt ar chorr-sgréacóig agus thug an chorr-sgréacóig do an tairgead. Nuair a tháinigh an Foghmhar chuaidh an corr-sghréacóg go dtí an dréoilín go dtí an dreóilín [!] ag lorg an airgid thar nais. Fá'n am sin bhí chuile ceann de na dreóilíní óga comh mór leis an sean-dreóilín agus níor aithnig an corr-sgréacóg aon ceann aca tar a chéile. "Ní bhfuair mishe pinghin ar bith ar iasacht uait" arsa ceann eile. Dubhradar uilig an rud cheudhna nó go mbéighin don chorr-sgréacóg imtheacht gan an t-airgead dfágáil. Casadh an sionnach uirthi agus d'innis sí dó an beart a dimir na dreóilíní uirthé. Do gheall an sionnach go dtabharfadh sé chúiche an sean-dreóilín. Nuair a tháinig an sionnach san áit a raibh an dreóilín agus a dháreág mach, chonnaic sé iad ag piocadh péistí as iomairí. Bhí cloigeann péistí ag teacht anuas as an gcréafóig agus rug ceann de na h-éanacha ar cloigeann ac do theip(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhóthar, Co. Chiarraí