Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Proca Óir i bhfolach
Bhí spríonnloir ann fadó. Do bhí alán airgead aige. Níor raib fhios aige cad a dhéanfadh sé leis. Lá amháin chúir sé gach pingin abhí aige isteach i gcrocha mór. Thóg sé an crócha agus rít sé go dtí páirch inaice an chnúic ina a [!] raib crann mór. Dein sé poll mor san talamh agús chuir sé an prócha i bfolach ann. Gach lá tiocfadh sé agus seasóchadh sé ar an áith go raibh an tóir i bfolach aige agus bheadh sé ag cainnt léis féin mar gheall ar an ór a bhí aige. Shábhail sé púnt lá amhain agus chuaidh sé go dtí an áit go raibh an t-ór cún an púnt sín do chúr leó. Nuair a tháinig sé ní raibh a thásg ná thuairisg ar an airgead lé fagail mar dó gúid buachaill é. Núair a chonnaic sé go ráibh an próca imthighthe, Rít sé ar a cos anáirdhe go dtí an bháile mór. Dó bhí fear cliste san bháile agus d'ínnis sé a sgéal do. "Ar cúaid tú ann gach lá, arsan fear. "Cuaidh mé" arsan sprionnlóir. "Tabhair dom púnt agus cuirfeadh ar dó shuaimhneas thú arsan fear cliste. Thugh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraigh Ó Cobhtaig
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraigh Mach Criomhthain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Aird, Co. Chiarraí