Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)
- Suíomh:
- Lios Lachna, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castleplunkett
- XML Leathanach 155
- XML “Pislín is Strúilín”
- XML “Tomhas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gadaidhe eile. Do cheap an fear so gurbh é a chómharsa a bhuail é agus do bhuail seisean faoi agus d'eírigh an troid eatorra. Mar sin ní raibh na gaduidhthe go léir i sgórnach a chéile. Bhí Pislín agus Strúilín leath-mharbh leis an ngreann, nuair d'iompuigh an doras bun os cionn agus síos leis ar bhárr na ngaduidhthe. Cheapadar gurbh é an crann a bhí ag tuitim anuas ortha nó gurbh é an diabhal a bhí ag teacht le n a dtabhairt leis, agus as go bráth leo chomh tréan i nÉirinn 's a bhí ionnta agus d'fhágadar an mála óir in a ndiaidh (nó ndéigh).
Nuair d'airigh Pislín agus Strúilín an doras ag imtheacht uatha (uafa) rugadar ar na craobhacaibh agus tháinigeadar slán. Annsin tháinig siad anuas agus rugadar an t-ór abhaile leo. Bhí fuighleach 's maoile aca annsin ó'n lá sin go lá a mbáis. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Luachra
- Inscne
- Fireann