Scoil: Goresbridge (B.) (uimhir rolla 800)
- Suíomh:
- An Droichead Nua, Co. Chill Chainnigh
- Múinteoir: Antóin Daltún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Goresbridge (B.)
- XML Leathanach 413
- XML “Scéal i dtaobh conas mar a Fuair "Drochead Ghóir" a Ainm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Collected by A. Dathúin , Scoil na mBuachaillí, Droichead GhóirFrom P. O'Leathlóir, Caisleán Uí Ceallaigh,
Isteach is amach le céad go leith blíadhain ó shoin bhí fear darbh ainm Ralf Gór in a chomhnuidhe i dtig ceann tuige ar an dtaobh thoir de'n abhainn sa mbaile seo.Fear ab'ead Ralf a thuill a pháigh le saothar a dhá laimh. Fear ait a bhí ann agus é an-míshásta leis an slíghe mareachtála bhí aighe mar a bhí alán roimhe agus mar a bheidh go deo. 'Sé an rud abhí á chrád i gcomnuídhe ach corcán óir a bhí le fághail aighe ó duine éigin ar Droicead Londain agus 'sé an port ba mhinicí á seinnt aige ach, "maoin na mbocht an aisling".Ní raibh aon rud ag baint sámh codlad na h-oichche dhe ach fear an chorcáin óir ar Droicead Londain a chonnaich sé cómh minic i bfís. Sa deire bheartuig sé an turas do chur de agus cuige san chuir sé roinnt airgid i dtaisce dhíaidh ar ndiaidh i slige éigin. An úair bhí a dhothain sabhálta aige bhog se cun bhothair agus e ag síor guidhe cun Dé é sheoladh ar bealach a leasa. Shrois se Cathair Mhór Londain sa deire agus é traocta caithte tar-éis an aistir. Do sheol Sioth-Mhaor go dtí an droichead a thug sé ocht lá annsan ag siubhal anonn is annall, anonn is annall. B'ait leis na Sioth Maoir agus le daoiní nach iad cad é an gnó bhí aige ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- A. Ó Barúin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Droichead Nua, Co. Chill Chainnigh
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Leathlobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Caisleán Uí Chaollaí, Co. Chill Chainnigh