Scoil: Goresbridge (B.) (uimhir rolla 800)

Suíomh:
An Droichead Nua, Co. Chill Chainnigh
Múinteoir:
Antóin Daltún
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0861, Leathanach 414

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0861, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Goresbridge (B.)
  2. XML Leathanach 414
  3. XML “Scéal i dtaobh conas mar a Fuair "Drochead Ghóir" a Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Droicead. Thainigh Ralf go dtí an Droicead maidin an Naomhadh lá agus é ingalair an Dócais. Mar sin féin caith sé an lá so airís ag spaisteóracht ar an nDroicead. An úair bhí sé cómh - solus fear le tor mhothuigh sé cois-céim an duine taobh thíar de agus cé bheadh ann ac fear an chorcáin óir a chonnaich sé sa bhfís ach amháin nach raibh an corcán aige. Nocht sé a rúin do'n bhfear so mar bhí sé cinnte go mbeadh fios a leasa le fághail úaidh. Núair a chúala an stroinnséir sgéal Ralf thosnuigh sé ag magadh fé.
    "Mureach gur Gaedeal tú arsa sé ní beadh gnó cómh amaideach idir lamhaibh agat. Bhíos féin ag taidreamh leis go raibh corcán oir fé bun crann fearna a mara bfuil sráidín cois abann na Bhearbha i gCo. Cille Coinnig agus go bhfuil an oiread óir ann is a dheanfeadh fear uasal díom le mo ré ar an saogal so, ach teidhir abhaile arsa sé le Ralf agus bhíod cíall agat."
    Chuimhnigh Ralf, ámh, go raibh an crann fearna ag fás in a gháidrín féin ach níor leig sé an cat as an mala. Bhí sé díscréideach go leor nuair a fúair sé an leid seo. Tháinig sé abhaile agus áthas a chroidhe air.
    Thosnuigh sé ag romhar go dtáinig sé ar lich agus nuair d'éirigh leis í a árdughadh bhí corcán óir 'fén a bun. Bhí rud éigin sgríobhtha ar an lich ach ní raibh sé ábalta é a léigheamh. Bhain sé feidhm aiste, ámh, ag deisiúghadh an teinteáin.
    Tar éis tamaill bhuail sgolaíre bocht isteac,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Droichead Nua, Co. Chill Chainnigh
    Bailitheoir
    A. Ó Barúin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Droichead Nua, Co. Chill Chainnigh
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Leathlobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Caisleán Uí Chaollaí, Co. Chill Chainnigh