Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)

Suíomh:
Áth Garbháin, Co. Chill Dara
Múinteoir:
Bean Mhic Niocaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athgarvan, Curragh
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Scéal M”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal M (ar lean)

    Bhí duine muintearda leo agus Brían Ó Céarnaigh ab' ainm dó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus paca gadhar acu. Bhí fhios aige go maith nach daoine saolta a bhí ann agus do dhruid sé i leath-taobh chun iad a leigint amach thairis, agus a chroidhe 'na bhéal ag an bhfear mbocht. Nuair a bhí an seilg ag gabhail thairis arsa gach duine acu leo "An bhfaca tú an fiadh, a Bhrian Uí Chearnaigh". Ní leigfeadh an t-eagla do Bhrian a rádh go bhfaca nó ná faca. Annsan nuair a bhí na marcaigh go léir imthigthe thairis, tháinig scata eile a bhí ag coisadeacht agus arsa gach duine leis chomh maith "An bhfaca tú an fiadh, a Bhrian Uí Chearnaigh".Sa deire tháinig an duine deireannach, sean-duine críona caithre agus cuma na haindeise air agus ar seisean chómh maith le cách "An bhfaca tú an fiadh, a Bhrian Uí Chearnaigh". Bhí na sideóga eile imtighthe m a dtaca sin agus bhí a mhisneach ag teacht thar n-ais do Bhrian. "An bfhaca tú an an diabhal a rudín grannda" ar seisean. Ach geallaim-se duit nár chaith sé morán aimsire ar an mbothar dó an oidhche sin.
    Bhí an fear céadna ag dul abhaile oidhche eile agus bhí sé an-dhéanach agus bhí an oidhche an-dorcha agus cad a tháinig air ach "Seán a locrain". Bhí Brian i lár portaigh an uair sin, agus bhí eagla air go gcuirfeadh "Sean" amugha é agus gur síos i bpoll portaigh a ragad sé agus bfeidir go mbáithfidhe é. Do stad sé láithreach agus cos ní chuirfeadh sé thar an ceann eile bíodh is go raibh Seán ag déanamh a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Mháille, Co. an Chláir
    Bailitheoir
    Bríghid Bean Mhic Niocaill
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Cearnaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mháille, Co. an Chláir