School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)
- Location:
- Athgarvan, Co. Kildare
- Teacher: Bean Mhic Niocaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athgarvan, Curragh
- XML Page 167
- XML “Scéal M”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal M (continued)
“Bhí duine muintearda leo agus Brían Ó Céarnaigh ab' ainm dó.”
(continued from previous page)agus paca gadhar acu. Bhí fhios aige go maith nach daoine saolta a bhí ann agus do dhruid sé i leath-taobh chun iad a leigint amach thairis, agus a chroidhe 'na bhéal ag an bhfear mbocht. Nuair a bhí an seilg ag gabhail thairis arsa gach duine acu leo "An bhfaca tú an fiadh, a Bhrian Uí Chearnaigh". Ní leigfeadh an t-eagla do Bhrian a rádh go bhfaca nó ná faca. Annsan nuair a bhí na marcaigh go léir imthigthe thairis, tháinig scata eile a bhí ag coisadeacht agus arsa gach duine leis chomh maith "An bhfaca tú an fiadh, a Bhrian Uí Chearnaigh".Sa deire tháinig an duine deireannach, sean-duine críona caithre agus cuma na haindeise air agus ar seisean chómh maith le cách "An bhfaca tú an fiadh, a Bhrian Uí Chearnaigh". Bhí na sideóga eile imtighthe m a dtaca sin agus bhí a mhisneach ag teacht thar n-ais do Bhrian. "An bfhaca tú an an diabhal a rudín grannda" ar seisean. Ach geallaim-se duit nár chaith sé morán aimsire ar an mbothar dó an oidhche sin. Bhí an fear céadna ag dul abhaile oidhche eile agus bhí sé an-dhéanach agus bhí an oidhche an-dorcha agus cad a tháinig air ach "Seán a locrain". Bhí Brian i lár portaigh an uair sin, agus bhí eagla air go gcuirfeadh "Sean" amugha é agus gur síos i bpoll portaigh a ragad sé agus bfeidir go mbáithfidhe é. Do stad sé láithreach agus cos ní chuirfeadh sé thar an ceann eile bíodh is go raibh Seán ag déanamh a(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Cearnaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kilmaley, Co. Clare