Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)

Suíomh:
Áth Garbháin, Co. Chill Dara
Múinteoir:
Bean Mhic Niocaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athgarvan, Curragh
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Scéal M”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal M (ar lean)

    Bhí duine muintearda leo agus Brían Ó Céarnaigh ab' ainm dó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhichill chun é a mhealladh nó chun scannradh a chur air i dtreo go rithfeadh sé isteach sa phortach, D'fhan Brian mar a raibh sé go ceann uaire a chluig. Sa deire bhí sé ag éirí mí-fhoidhneach agus bhí ocras ag teacht air. Bhí gunna le na mháighstir 'na láimh aige agus nuair a fuair sé an deis chaith sé urcar le Seán agus lámhuig sé e. "Anois" ar seiseann, "Beidh fhios agam ar maidin cad é an sórt ruda é Seán a locrain". Do Tharraing sé scian amach as a phóca agus do sháith sé sa talamh é in aice na h-áite ar a thuit "Seán". Ar maidin lae 'r na mbhairneach tháinig sé amachagus chuardaigh sé an portach síos súas go dtí go bhfuair sé an scian sáidte sa talamh agus cad a bhí in aice léi ach rud a bhí an-chosamhail le piosa glothair frog.
    Nuair a bhí an fear sin Brian Ó Ceárnaigh ag eirighe aosta thug sna daoine uaisle go raibh sé in aimsir acu capall dó i dtreó go bhfeadfadh sé teacht ó a thigín féin go dtí an tigh mór ag marcuigheacht ar capall. Bhí an capall múinte go maith i dtreo nuair a bhíodh obair an lae criocnuighthe aige agus nuair a bhíodh sé ag dul abhaile ní bhíodh le déanamh aige ach teacht amach sa pháirc 'na mbíodh le déanamh aige ach teacht amach ag mbíor agus thiocfad an capall súas chuige agus chuirfeadh sé a cheann isteach sa srian a bheadh 'na láimh aige ag Brian. Ach Brian oidhche agus bhí sé an-dhéanach nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Mháille, Co. an Chláir
    Bailitheoir
    Bríghid Bean Mhic Niocaill
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Cearnaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mháille, Co. an Chláir