Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)
- Suíomh:
- Áth Garbháin, Co. Chill Dara
- Múinteoir: Bean Mhic Niocaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 169](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0776%2FCBES_0776_169.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0776, Leathanach 169
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athgarvan, Curragh
- XML Leathanach 169
- XML “Scéal M”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal M (ar lean)
“Bhí duine muintearda leo agus Brían Ó Céarnaigh ab' ainm dó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a bhí sé réidh chun dul abhaile. Bhí sé féin agus na seirbhísigh eile tar éis cúpla muc a chur a chur ar salann. Nuair a tháinig sé amach an oidhche sin go dtí an pháirc 'na raibh an capall ní thiocfad an capall i ngiorracht seach seacht bpéirse dó. Nuair do theip air é do mealladh cúige do rith sé 'na diagh ach do theip air breith air. Sa deire bhí air dul isteach sa tigh mór agus iarraidh ar chuid des na seirbhísigh teacht amach chun cabhrú leis. D'eirigh leo go léir an capall do chur i dteannta i gcúinne éigin agus chuaidh Brian Ó Céarnaigh in aírde air agus as go brách leis abhaile. Bhí madra beag aige leis agus bhí an madra ag sodar 'na diaigh agh ní rabhadar ach leath an slighe nuair a tháinig an spioraid ortha agus dhein sé a dicheall chun dul taobh thiar do Bhrian ar an gcapall ach ní leigfeadh an madra do é sin a dhéanamh. Do bhuail Briam an capall leis an bhfuip agus do rith an capall comh tapaid agus d'fhéad sé ach mar sin féin níor fhéadadar a gcosa a bhreithón spiorad. Tháinig sé i riocht muice agus i riocht gabhair agus i riocht tairbh ach pé croth a chuirfeadh sé air féin raghad an maidrín chun troid leis. Sa deireadh tháinig sé na riocht déin agus cad a bhíodh ann ach gabha ón gcomhursanacht na raibh i bhfad tar éis báis d'fhághail. "Agus an tusa atá an chrádh i rith na hoidhche" arsa Brian Ó Cearnaigh. Ní dubhairt an spiorad ach dhein sé sár-iarracht eile ar theacht taobh thíar de ar an gcaall. Chuir san scannradh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Cearnaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mháille, Co. an Chláir