School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)

Location:
Athgarvan, Co. Kildare
Teacher:
Bean Mhic Niocaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 169

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 169

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Athgarvan, Curragh
  2. XML Page 169
  3. XML “Scéal M”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal M (continued)

    Bhí duine muintearda leo agus Brían Ó Céarnaigh ab' ainm dó.

    (continued from previous page)
    a bhí sé réidh chun dul abhaile. Bhí sé féin agus na seirbhísigh eile tar éis cúpla muc a chur a chur ar salann. Nuair a tháinig sé amach an oidhche sin go dtí an pháirc 'na raibh an capall ní thiocfad an capall i ngiorracht seach seacht bpéirse dó. Nuair do theip air é do mealladh cúige do rith sé 'na diagh ach do theip air breith air. Sa deire bhí air dul isteach sa tigh mór agus iarraidh ar chuid des na seirbhísigh teacht amach chun cabhrú leis. D'eirigh leo go léir an capall do chur i dteannta i gcúinne éigin agus chuaidh Brian Ó Céarnaigh in aírde air agus as go brách leis abhaile. Bhí madra beag aige leis agus bhí an madra ag sodar 'na diaigh agh ní rabhadar ach leath an slighe nuair a tháinig an spioraid ortha agus dhein sé a dicheall chun dul taobh thiar do Bhrian ar an gcapall ach ní leigfeadh an madra do é sin a dhéanamh. Do bhuail Briam an capall leis an bhfuip agus do rith an capall comh tapaid agus d'fhéad sé ach mar sin féin níor fhéadadar a gcosa a bhreithón spiorad. Tháinig sé i riocht muice agus i riocht gabhair agus i riocht tairbh ach pé croth a chuirfeadh sé air féin raghad an maidrín chun troid leis. Sa deireadh tháinig sé na riocht déin agus cad a bhíodh ann ach gabha ón gcomhursanacht na raibh i bhfad tar éis báis d'fhághail. "Agus an tusa atá an chrádh i rith na hoidhche" arsa Brian Ó Cearnaigh. Ní dubhairt an spiorad ach dhein sé sár-iarracht eile ar theacht taobh thíar de ar an gcaall. Chuir san scannradh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Kilmaley, Co. Clare
    Collector
    Bríghid Bean Mhic Niocaill
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Cearnaigh
    Gender
    Male
    Address
    Kilmaley, Co. Clare