Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)
- Suíomh:
- Áth Garbháin, Co. Chill Dara
- Múinteoir: Bean Mhic Niocaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athgarvan, Curragh
- XML Leathanach 191
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí feirmeoir ina gcómnuidhe in aice lei i Litir Ceallaigh nuair a lei sí na cailín óg.”
(ar lean ón leathanach roimhe)no pucaí no droc - rud éicint ag dul mór-thimcheall an tighe gach oidhche.
D'fhan sé sa bhaile gach oidhche annsan go ceann ramaillín ach nuair nár airig sé spiorad na púca cheap se gurab amhlaidh a bhí an bheirt bhan ag déanamh amadáin dé. Thosnuig sé ag dul amach ar a chuairc arís agus nuair a thagadh sé isteach gach oidhche cuireadh sé ceist ar a mhnaoi ar airig sí am tóir. Freagra ar bith ní thugadh sí ait dubhairt sí arab [?] am mhaith dí bheith ag cainnt.
Ach oidhche éirighthe bhí sé chun dul go dtí an siopa agus bhí an-chuid le déanamh aige s abhaile ar dtúis. Bhí sé beagainín déanach nuair a bhí sé ag fágaint an tighe agus nuair do shrois sé an siopa bhí na cearabhaigh eile tar éis tosnú ar an gcluice agus níor fhéad seisean dul ag imirt cártaí in am-char. D'fhan sé tamall ag feacaint ar na cearrbaig eile ach d'eirigh sé tuirseach de san agus chuaidh sé abhaile go luath. Nuair a bhí sé ag teacht in aice a thighe féin chonnaic sé fear ag teacht an doras amach ach in ionad teacht amach ar an mboithrín chun cainnte leis féin is amhlaidh a bhuail sé isteach i gcro na mbó. Ní raibh an oidhche ró-gheal is ní raib sé ró-dhorca. "Bheul" arsa fear an tighe leis féin "Cad é an sórt duine é sin nó cad na thaobh gur rith sé uaim mar sin isteach sa cró. Tá aithne agam air chonnacas feacr agus an siubhal sin fé, go miuic ach ní fhéadfim cuimhneamh air anois ach beidh fhios agam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Thomáis Uí Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mháille, Co. an Chláir