School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)
- Location:
- Athgarvan, Co. Kildare
- Teacher: Bean Mhic Niocaill
![The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 191](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0776%2FCBES_0776_191.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 191
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athgarvan, Curragh
- XML Page 191
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí feirmeoir ina gcómnuidhe in aice lei i Litir Ceallaigh nuair a lei sí na cailín óg.”
(continued from previous page)no pucaí no droc - rud éicint ag dul mór-thimcheall an tighe gach oidhche.
D'fhan sé sa bhaile gach oidhche annsan go ceann ramaillín ach nuair nár airig sé spiorad na púca cheap se gurab amhlaidh a bhí an bheirt bhan ag déanamh amadáin dé. Thosnuig sé ag dul amach ar a chuairc arís agus nuair a thagadh sé isteach gach oidhche cuireadh sé ceist ar a mhnaoi ar airig sí am tóir. Freagra ar bith ní thugadh sí ait dubhairt sí arab [?] am mhaith dí bheith ag cainnt.
Ach oidhche éirighthe bhí sé chun dul go dtí an siopa agus bhí an-chuid le déanamh aige s abhaile ar dtúis. Bhí sé beagainín déanach nuair a bhí sé ag fágaint an tighe agus nuair do shrois sé an siopa bhí na cearabhaigh eile tar éis tosnú ar an gcluice agus níor fhéad seisean dul ag imirt cártaí in am-char. D'fhan sé tamall ag feacaint ar na cearrbaig eile ach d'eirigh sé tuirseach de san agus chuaidh sé abhaile go luath. Nuair a bhí sé ag teacht in aice a thighe féin chonnaic sé fear ag teacht an doras amach ach in ionad teacht amach ar an mboithrín chun cainnte leis féin is amhlaidh a bhuail sé isteach i gcro na mbó. Ní raibh an oidhche ró-gheal is ní raib sé ró-dhorca. "Bheul" arsa fear an tighe leis féin "Cad é an sórt duine é sin nó cad na thaobh gur rith sé uaim mar sin isteach sa cró. Tá aithne agam air chonnacas feacr agus an siubhal sin fé, go miuic ach ní fhéadfim cuimhneamh air anois ach beidh fhios agam(continues on next page)- Collector
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Bean Thomáis Uí Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kilmaley, Co. Clare